Scéal na dtithe pobail a tógadh ar an Bhrocaigh agus i nGleann Fhinne. Níor críochnaíodh an chéad cheann ariamh agus ansin in 1825 tógadh ceann úr, sin halla Ghleann Fhinne anois. Rinneadh dhá pharóiste ansin in 1826 agus chuir Sagart Ó Gallchóir tús le teach pobail úr. Scaifte as Dún Dealgan a fuair an conradh lena thógáil. Le linn an tógála, fuair an sagart sin bás agus bhí sagart paróiste úr acu, osclaíodh an teach pobail in Meitheamh 1828.